futa fata logo Nuacht Futa Fata                
  Leathanach (Page): 2 • 1

Leagan Béarla ar fáil i ndiaidh na Gaeilge ••• Notes in English follow Irish versions

Tadhg Mac Dhonnagáin beo i mí Aibreáin – new live dates announced - 8.04.'08

Tadhg ar an bhótharTá trí cheolchoirm deimhnithe ag Tadhg Mac Dhonnagáin idir seo agus deireadh mhí Aibreáin.

Three new live dates have been confirmed for Tadhg Mac Dhonnagáin in April:

Déardaoin 24 Aibreán (24.04.08) – Club Sult, Baile Átha Cliath/Club Sult, The Vaults, near Connolly Station, Dublin - eolas - www.clubsult.com agus www.bebo.com/clubsult

Dé Domhnaigh, 27 Aibreán (27.04.08) – 3.00pm – Gaelscoil Uí Cheithearnaigh, Béal Átha na Slua, Co. na Gaillimhe – seó do theaghlaigh/family show. Eolas: Gaeilge Locha Riach - 091-870718, prua@lochariach.com

Dé Máirt, 29ú Aibreán (29.04.08) – Coláiste Phádraig, Droim Connrach, Baile Átha Cliath.

Éist le Tadhg ag cur síos ar an albam/leabhar nua do pháistí “Peigín Leitir Móir” a bheas ar fáil roimh dheireadh na bliana, le cúnamh Dé.

Hear Tadhg talk about his forthcoming
follow-up project to the best-selling
Gugalaí Gug album and book—

http://www.rte.ie/podcasts/2008/pc/pod-v-150208-05m55s-iclubtadhg.mp3

Leabhair Nua ag Teacht go luath!- New Books coming soon from Futa Fata 19.03.08

Beidh An Oíche Dhorcha, comheagrán idir Futa Fata agus Little Tiger Press i Londain ar fáil sna siopaí i mí Bhealtaine. Scéal é faoi ghrúpa ainmhithe atá ag iarraidh cabhrú lena gcara Féilim Frog a dhul abhaile chuig a lochán uisce – rud nach féidir leis a dhéanamh, mar go bhfuil fathach mór gránna ag fanacht leis! Taitneoidh an scéal bríomhar seo go mór le páistí idir trí agus sé bliana d’aois. Tá maoiniú faighte ag an bhfoilseachán seo ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)

 Tá tuilleadh leabhar do ghasúir óga ar an mbealach! (Féach thíos -Ag teacht go luath)

Futa Fata’s first co-edition venture with London-based Little Tiger Press will be in the shops by mid-May. An Oíche Dhorcha tells the story of Féilim Frog, who wants to go for a splash in his pond – but he can’t, because there is a big horrible monster lying in wait for him! With funding support from COGG, the Government organisation that supports education in Gaeltacht and Irish-medium schools, children     3 – 6 will love this lively story and beautifully illustrated book. Watch this space for news of three other new titles for young children, including two audio story books. (See below - Coming Soon from Futa Fata)

Amhrán an Ghaeilgeora Mhóir ar fáil anois ar YouTube

Tá ceann de na hamhráin is fearr aithne le Tadhg Mac Dhonnagáin, Amhrán an Ghaeilgeora Mhóir le fáil anois ar YouTube. Taifeadadh atá ann a rinneadh i mí Eanáir 2008 do chlár ealaíon TG4, Soiscéal Pháraic. Tá fáil ar an amhrán ar an albam a d’eisigh Futa Fata i 2004, dar teideal Imíonn an tAm.

One of Tadhg Mac Dhonnagáin’s best-loved songs, Amhrán an Ghaeilgeora Mhóir, is now on YouTube. The recording was made in January 2008, for the TG4 Arts review show, Soiscéal Pháraic.

 Caith súil air ag: http://www.youtube.com/watch?v=0dOFOcKK0Lo

Tá Tadhg ag obair ar ábhar nua faoi láthair, idir amhráin agus ábhar nua eile atá leath bealaigh idir amhráin agus píosaí filíochta, ábhar a bheas le le haithris os ard agus tionlacan ceoil leis. Tá sparánacht chumadóireachta bronnta ag Ealaín na Gaeltachta air le tacú leis an obair chruthaitheach seo i gcaitheamh na bliana atá romhainn.

Mac Dhonnagáin is presently working on new material – both songs and spoken-word material, which will be for performance to musical accompaniment. This new work is being supported by a bursary from Ealaín na Gaeltachta.

 

Ag teacht go luath! - Coming soon from Futa Fata!

Tá súil ag Futa Fata cinn de leabhair nua a fhoilsiú i 2008. Tá an taifeadadh díreach críochnaithe do na dlúthdhioscaí a bheas á fhoilsiú leis na leaganacha Gaeilge de leabhair Eric Drachman – Frog sa Spéir agus Eileanór an Eilifint Éagsúil (féach thíos). I measc na nglórtha a bheas le cloisteáil ag scéalaíocht ar na dioscaí nua beidh Caitlín Ní Chualáin (a cluineadh cheana ar Gugalaí Gug) agus triúr aisteoirí óga ó Chonamara – Oisín Ó Fatharta (ar dheis ), Caoimhe Ní Choisdealbha agus Aoife Ní Nualláin Ní Thuathail. Is é Foras na Gaeilge a rinne maoiniú ar thaifeadadh na ndlúthdhioscaí do na closleabhair seo.

Chomh maith leis sin, beidh dhá leabhar a d’fhoilsigh an comhlacht Little Tiger Press i Londain ar fáil i nGaeilge uainn – Oíche Dhorcha agus Gobnait Gé a bheas mar theidil Ghaeilge orthu sin. Tá maoiniú faighte ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) le tacú le foilsiú “An Oíche Dhorcha” pictiúrleabhar aoibhinn faoi ghrúpa cairde ainmhithe agus an faitíos atá orthu roimh fhathach mór gránna. Tá súil againn an leabhar a bheith ar fáil i mí Bhealtaine.

Foilseachán mór eile i mbliana  an leabhar Aifric – bunaithe ar an tsraith teilifíse den ainm céanna a bhain gradam IFTA don chlár is fearr do dhaoine óga in Éirinn i 2007.

Tá muid ag obair chomh maith ar an dara leabhar agus dlúthdhiosca ón tsraith ón traidisiún ar chuir muid tús leis le Gugalaí Gug!. Cnuasach amhrán a bheas i gceist an iarraidh seo agus Peigín Leitir Móir a bheas mar theideal air. Tá maoiniú don togra seo faighte ag Futa Fata ó Ealaín na Gaeltachta.

Futa Fata hopes to publish six new titles in 2008. The audio book CDs Eileanór an Eilifint Éagsúil and Frog sa Spéir are in post-production at the moment (see below). They feature the voices of Caitlín Ní Chualáin (familiar to fans of the Gugalaí Gug CD) as well as three young actors from Conamara – Oisín Ó Fatharta (above), Caoimhe Ní Choisdealbha and Aoife Ní Nualláin Ní Thuathail. The sound recording and production for these two audio books, has been supported by funding from Foras na Gaeilge. We are also planning to publish Irish-language versions of two beautiful picture books for younger readers – Gobnait Gé and Oíche Dhorcha. This latter title has received funding from An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) and will be available in May.

Another big publication this year will be Aifric – a lively mix of interviews, quizzes, pics and behind the scenes info on the hit teen comedy drama, which won the 2007 Irish Film and Television Academy Award for best young people’s programme.

We are also working on the second book and CD in the series of traditional material begun with the best-selling Gugalaí Gug! This new project is a collection of traditional songs, titled Peigín Leitir Móir. The recording and production of the CD has been supported by Ealaín na Gaeltachta.

  Leathanach (Page): 2 • 1

An PríomhleathanachMain Page //\\ Eolas Futa FataAbout Futa Fata //\\ CatalógCatalogue
Láithreáin SpéisiúlaLinks //\\ CeannaighBuy CDs/Books //\\ TeagmháilContact //\\ NuachtNews

Léim go Barr //\\ Jump Back to the Top

© 2007
Cruthú agus Dearadh — Web Site Design and Creation by: One Source Graphics
Cuir ceisteanna agus fiosruithe faoin láithreán seo chuig
— Please send questions and comments about the site to: Info@OneSourceGraphics.com

 

"));