|
Siopa Futa Fata – tabhair cuairt air inniu!
Bímis ag Caint faoi: Sraith leabhar do pháistí 7 – 10 mbliana d’aois faoi
cheisteanna sóisialta agus mothála.
Neilín agus an Cat: Nuair a tháinig cat mór buí chun aire a thabhairt do Neilín an babaí eilifint, bhí gach duine sásta. Ach nuair a thosaigh Neilín ag foghlaim cleasanna aisteacha ón gcat, dúirt Daidí eilifint leis imeacht. An dtiocfaidh cara nua Neilín ar ais go deo?
Bainfidh idir thuismitheoirí agus pháistí an-taitneamh as an scéal seo faoi na deacrachtaí a bhaineann leis an duine (nó an t-ainmhí!) ceart a fháil le haire a thabhairt do leanbh.
Peigín Leitir Móir: Fiche amhrán agus rann traidisiúnta do pháistí ó na daoine a chuig Gugalaí Gug! in bhur láthair. Dlúthdhiosca Álainn ceoil agus leabhar lándaite lán de phictiúir áille ón bhfoireann ghradamaúil ealaíne, Cartoon Saloon.
Gobnait Gé: Nuair a deir an sionnach glic le Gobnait Gé go bhfuil a cluasa caillte aici, tá Gobnait an-bhuartha. Ansin casann sí ar Éan aisteach — atá ag díol péire cluas! An mbeidh cairde Ghobnait in ann í a shábháil ó chleasaí gránna glic?
Le scéal spreagúil agus obair ealaíne den chaighdeán is airde, beidh tusa tú féin ag iarraidh teacht i gcabhair ar Gobnait Gé!
Frog sa Spéir: Scéal álainn i bhfoirm leabhair lándaite agus CD álainn a ghabhann leis. Éist leis an scéal faoin bhfrog beag Frainc atá ag iarraidh eitilt. An scéal á aithris ag naglórtha a chualathas cheana ar Gugalaí Gug!
Eileanór an Eilifint Éagsúil: Scéal agus CD álainn eile faoi Eileanóir an eilifint bheag nach bhfuil in ann ceol a dhéanamh. Clúdach crua, léaráidí áille agus Gaeilge bhlasta le cloisteáil ó ghlórtha óga ar an CD!
An Oíche Dhorcha: Tá Féilim an frog ag iarraidh dul ag snámh ina lochán uisce – ach ní féidir leis, mar tá FATHACH MÓR GRÁNNA sa bhealach air! An féídir leis féin agus a chairde an scéal a chur ina cheart?
Leabhar lándaite, clúdach crua agus Gaeilge álainn atá soléite agus bríomhar.
 Aifric: Leabhar bríomhar, lándaite agus lán d’eolas faoin seó teilifíse Gaeilge is fearr ar domhan
do dhaoine óga. Agallaimh leis na haisteoirí, cluichí, comhairle faoin ngrá — cócaireacht fiú! |