R

Raifteirí san Underground
dluthdhíosca Raifteirí san Underground as cló, ach tá an téip le fáil go fóill. Agus tá amhráin dá chuid
le fáil ar an DD Imíonn an tAm.
The CD for Raifteirí san Underground is currently out of print, but it is available on tape.
Many of the songs from this album are available on the new compilation CD Imíonn an tAm.

An PríomhleathanachMain Page//\\ Eolas Futa FataAbout Futa Fata //\\ CatalógCatalogue
Láithreáin SpéisiúlaLinks //\\ CeannaighBuy CDs/Books //\\ TeagmháilContact //\\ NuachtNews


Camchuairt ceoil atá anseo ar cheantar dúchais an chumadóra, Contae Mhaigh Eo an lae inniu agus an lae atá caite. Tá glórtha fhilí Gaeilge na háite ag macallú trí na hamhráin. Idir shúgradh agus dháiríre atá anseo, ó thaobh liricí agus ceoil.

Tá an dá theanga fhéin fite fuaite ar fud a chéilé i gcuid de na hamhráin. Stíl chomhaimsearthach ceoil atá mar thionlacan ar liricí a chuirfeadh cur chuige chumadóirí macarónacha an ochtú is na naoú haoise déag i gcuimhne.

Tá aoicheoltóirí go leor páirteach, ina measc an mórghiotáraí GaelAstrálach Steve Cooney, an veidhleadóir Máire Breathnach chomh maith le díséad suaithinseach dátheangach leis an amhránaí iomráiteach, Eleanor McEvoy (Bithbhuan/Rolling Home).

Garvan Gallagher, ar fearr aithne air le blianta beaga dá chuid oibre le Mary Black agus Luka Bloom a léirigh.


Raifteirí san Underground CD

Raifteirí san Underground
Tadhg Mac Dhonnagáin,
Cló IarChonnachta CICD 094, CIC 094


A musical tour through the singer's native County Mayo, past and present, evoking the spirits of the Gaelic poets of the past in an exciting, contemporary style. Pathos and humour are mixed to deliver a potent and original brew of lyrical and musical ideas.

Gaelic and English lyrics interweave in a way that is reminiscent of the 18th century macaronic style of Irish song, with a late 20th century sensibility.

Guest musicians include guitarist Steve Cooney, Máire Breathnach on fiddle and viola, and top Irish singer-songwriter Eleanor McEvoy, who performs an unusual bilingual duet with Tadhg (Bithbhuan/Rolling Home).

Production is by Garvan Gallagher, well known for his work with such artists as Mary Black and Luka Bloom.

Éist le Samplaí — Listen to Samples
(Teastaíonn RealPlayer Uait You Need RealPlayer)
Tintreach agus Toirneach Raifteirí san Underground Bithbhuan, Rolling Home

Tá nótaí agus liricí ar fáil i gClár na nAmhrán, anseo thíos — Find notes and lyrics in the Song List, below

 

Tadhg Mac Dhonnagáin

Clár na nAmhrán — Song List

 


 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

1. Tintreach agus Toirneach
Nótaí agus Liricí Notes and Lyrics ///\\\ Éist Leis!Listen!

2. Dara

3. Marilyn

4. Preab san Ól

5. John and Mary's Photo Album

6. Miotal is Marmar

7. Raifteirí san Underground
Nótaí agus Liricí Notes and Lyrics ///\\\ Éist Leis!Listen!

8. Mo Mháire

9. The Man Who Loves Calendars

10. Tá Mamaí sa Chistin

11. The Holy Virgin's Statue

12. Bithbuan / Rolling Home
Nótaí agus Liricí Notes and Lyrics ///\\\ Éist Leis!Listen!

Léim go Barr //\\ Jump Back to the Top

 

1. Tintreach agus Toirneach (Thunder and Lightning), Ar ais go dtí an clár – Go back to the list

Mar a mhíníonn Tadhg: "Cuimhne dhoiléir, cuimhne nach raibh mé cinnte ar brionglóid a bhí inti dáiríre — b'shin údar an amhráin seo. Cuireann sé síos ar lá ar chaith mé fhéin is mo chuid deartháireacha faoin staighre sa bhaile, i gcuideachta mo mháthar. Bhíodh faitíos a báis ar mo mham roimh stoirmeacha tintrí. Lá amháin nuair a réab stoirm mhillteanach dá cineál os ár gcionn, chaith muid an lá faoin staighre, is an Choróin Mhuire á haithris ar feadh an ama againn. Dheimhnigh mo mháthair ó shin nár bhrionglóid ar bith í agus gurbh í 1966 an bhliain a tharla an eachtra." Tadhg explains: "This song is based on a distant, almost dream-like memory of spending the day under the stairs with my mother and other siblings, reciting the rosary while a thunderstorm raged outside. Since I wrote this song, my mother has confirmed that it did actually happen and the year was indeed 1966."

I 1966 chaith muid lá faoin staighre
I bhfolach ó fhathach na stoirme
Ba scalltáin muid istigh i nead fáinleoige
Ag cóireamh na mílte idir sinn is an bás

Curfá
Tintreach agus toirneach agus sé do bheatha a Mhuire
Tintreach agus toirneach ar feadh an lae
Tintreach agus toirneach agus sé do bheatha a Mhuire
Agus méaracha mo mháthar ag slogadh clocha paidrín

Tá Dia ár nAthair ag tógáil cistine sna Flaithis
Nach gcloiseann sibh é a ghasúir ag carnadh cloch
Agus chonaic mé aghaidh na Maighdine, lán gliondair
Lena naprún gorm is a citeal nua leictreach

Curfá

Bhí ár nAthair ar Neamh ag déanamh an diabhail leis an tintreach
Bhí ár nathair saolta ar an mbóthar i mbaol a bháis
A Dhia sna hAird a chruthaigh an t-úll is an gairdín
Éist linn abhus dod' adhradh faoin staighre

Curfá

In 1966, we spent a day under the stairs
Hiding from the stormy giant
Like nestlings in a swallows nest
Counting the miles between us and our death

Chorus
Thunder and lightning and Hail Mary full of grace
Thunder and lightning all day long
Thunder and lightning and Hail Mary full of grace
And my mother's fingers, gulping back her rosary beads

God our Father is building a back kitchen in Heaven
Listen kids — another cartload of stones
And I saw the Virgin's face, radiant
With her blue apron and her brand new electric kettle

Chorus

Our Father above was playing hell with the lightning
Our earthly father was out there in mortal danger
O God above, who made the apple and the garden
Listen to us down here adoring you, under the stairs

Chorus

 

7. Raifteirí san Underground, Ar ais go dtí an clár – Go back to the list

Mar a mhíníonn Tadhg: "Rinneadh athscríobh ar dhá dhán atá i mbéal an phobail san amhrán seo. Sin iad Cill Aodáin le Antaine Ó Reachtabhra (c.1784–1832) amhrán molta faoina fhód dúchais i gContae Mhaigh Eo agus Mise Raifteirí an File, dán a leagtaí ar Raifteirí ach go ndéantar amach anois faoi gur i Meiriceá a cumadh é i dtreo dheireadh na naoú haoise déag, ag fear darbh ainm Seán Ó Ceallaigh. Tógadh mé fhéin cupla míle ó Chill Aodáin — i mo ghasúr dom, rith sé liom riamh go mba bhrónach an chaoi nár éirigh le Raifteirí a bhaile dúchais a bhaint amach arís, mar a bhí beartaithe aige san amhrán. I ndeireadh na nochtóidí, tráth ar cumadh an t-amhrán seo, bhí cúrsaí imirce imithe chun donais in ƒirinn. Tógadh seachtar gasúr sa teach s'againne — bhí cúigear acu sin faoin tráth sin ina gcónaí i Londain. San amhrán seo, samhlaítear Raifteirí mar dheoraí ƒireannach i Londain, é ag saothrú cupla pingin mar cheoltóir san Underground, ag brionglóideach faoi Chill Aodáin, ach gan dul ar ais ann riamh é fhéin." Tadhg explains: "Two well known poems were re-worked (or ransacked) to make this song — Cill Aodáin written by Antoine Ó Reachtabhra (c,1784–1832) describing his birthplace in East Mayo and Mise Raifteirí an File (I am Raifteirí the Poet), popularly attributed to Raifteirí, but now generally believed to have been written in the late 19th century, in America, by one Seán Ó Ceallaigh. I grew up a few miles from Raifteirí's birthplace in County Mayo. As a child it always struck me as sad that the poet never managed to make the journey back to the birthplace he had praised so profusely in Cill Aodáin. In the late 80s, when this song was written, emigration from Ireland had reached crisis proportions. Out of the seven kids raised in our house, five were then in London. This song imagines Raifteiri as another Irish emigrant in London busking in the Underground, dreaming of going home, but never getting there."

Ag siúl tríd an Underground
Cúig chéad troigh faoi London town
Siúd é, a thóin le balla
Ag seinnm ceoil do phócaí folmha
Féile Bríde caite le ráithe
Is tá Raifteirí fós i bhfad ó bhaile

Ní aireofá an tEarrach i do thimpeall
Thíos anseo san Underground
Ní aireofá an lá ag dul chun síneadh
Thíos anseo san Underground
Súile gan solas taobh thiar de spéaclaí gréine
Scilling eile caite isteach sa mbosca

Curfá
Cill Aodáin Coillte Mach is Clár Chlainne Mhuiris
Ceolann Raifteirí a liodán dóchais
Cill Aodáin Coillte Mach is Clár Chlainne Mhuiris
Ceolann Raifteirí a liodán dóchais

Cill Aodáin an baile a bhfásann gach ní ann
An neantóg go fairsing is buachallán buí,
buachallán buí ann

Ag siúl tríd an Underground
Cúig chéad troigh faoi London town
Siúd é, a thóin le balla
Ag seinnm ceoil do phócaí folmha
Féile Bhríde caite le blianta
Is tá Raifteirí fós i bhfad ó bhaile

Curfá

Walk through the Underground
500 feet under London town
Over there back to the wall
Playing music, empty pockets
St. Bridget's day was three months ago
And Raifteirí is still far from home.

You can't feel spring in the air
Down here in the Underground
You can't feel the stretch in the day
Down here in the Underground
Sightless eyes behind sunglasses
Another coin thrown in the guitar case

Chorus
Killeadan, Kiltimagh and Claremorris
Raifteirí chants his hopeful litany

Killeadan the place where everything grows
Nettles and noxious weeds, noxious weeds

Walk through the Underground
500 feet under London town
St. Bridget's day has gone year after year
And Raifteirí is still far from home.


Chorus

 

12. Bithbhuan / Rolling Home, Ar ais go dtí an clár – Go back to the list

Mar a mhíníonn Tadhg: "Thug athrú teanga na hochtú agus na naoú haoise déag in ƒirinn foirm úr cumadóireachta amhrán chun cinn sa tír — an t-amhrán macarónach. Foirm í seo a bhfuil fáil ar fud na cruinne uirthi, áit ar bith a bhfuil dhá theanga ag guailleáil ar a chéile. Spreagadh mé fhéin le leagan comhaimsearthach den stíl a thriail in éis dom amhráin mhacarónacha Daniel Lanois Cheanada a chloisteáil. Tá beagáinín d'fhorbairt ar an meán i gceist san amhrán seo a leanas — díséad atá ann, do dhá theanga agus do bheirt amhránaí. Ag ceol liom anseo tá Eleanor McEvoy." Tadhg explains: "The language change in the eighteenth and nineteenth centuries in Ireland gave birth to a rich tradition of macaronic or bilingual songwriting, where alternate lines or verses are sung in alternate languages. Around the time I made this album, I had been listening to the music of the French Canadian songwriter Daniel Lanois. He writes macaronic songs in a contemporary style. I decided to have a go. This song attempted to bring the form a step further — it's a duet for two voices and two languages. Singing here with me is Eleanor McEvoy."
Chomh buan le dilliúr an tsamhraidh
Chomh buan le cúr na trá
Chomh buan le filíocht na hoige
A chaoineann bás an dilliúir is an ghrá

(As everlasting as summer leaves, as foam on a beach
As everlasting as a young man's verse
Keening the death of love and of leaves)

Chomh buan le scamaill agus spéartha
Chomh buan le hoíche agus lá
Chomh buan le deamhain agus déithe
Chomh buan le cloigeann agus cnámh
(As everlasting as clouds and skies,
as night and day
As everlasting as demons and Gods,
as skull and bone)

Curfá
Bithbhuan, bithbhuan, bithbhuan
Bithbhuan d'éadan, d'éadan, do láimh im láimh
(Everlasting your face, your hand in mine)

Like sunlight spreading across a cornfield
Like laughter spreading across your face
Like drumbeats rolling across the emptiness
Across the bounds of languages and race
Across the thirsty desert now
I'm rolling home
Across the hungry sea
With the simple faith of the swallow flying
Across the world to the gable of his memory

Chorus
I'm rolling home now
I'm rolling rolling rolling home
I'm rolling ever closer, ever closer now
To dance again with the dancer in your eyes

Across the world the wind is whispering
The stormy seas are bellowing your name
Ar an mhuir seo gan fuacht, gan faitíos
Tugaimís ár n-aghaidh ar an imigéin
Ar an imigéin, ar an imigéin

(On this vast ocean, don't be afraid
But set our sights on the far away)

Curfá / Chorus

An PríomhleathanachMain Page//\\ Eolas Futa FataAbout Futa Fata //\\ CatalógCatalogue
Láithreáin SpéisiúlaLinks //\\ CeannaighBuy CDs/Books //\\ TeagmháilContact //\\ NuachtNews

Léim go Barr //\\ Jump Back to the Top


Futa Fata, Idir Shean agus Nua — www.FutaFata.com
Déan teagmháil le Futa Fata — Contact Futa Fata

© 1998

Cruthú agus Dearadh — Web Site Design and Creation by: One Source Graphics
Cuir ceisteanna agus fiosruithe faoin láithreán seo chuig
— Please send questions and comments about the site to:
Info@OneSourceGraphics.com