futa fata logo Idir Shean agus Nua Nós Nua                
An PríomhleathanachMain Page //\\ Eolas Futa FataAbout Futa Fata //\\ CatalógCatalogue
Láithreáin SpéisiúlaLinks //\\ CeannaighBuy CDs/Books //\\ TeagmháilContact //\\ NuachtNews

Do chéad fáilte chuig Futa Fata, comhlacht beag neamhspleách ceoil agus foilsitheoireachta a bunaíodh i 1997. Saothar an chumadóra Tadhg Mac Dhonnagáin, Maigh Eoch atá lonnaithe i gConamara, a eisíodh ar an lipéad i dtosach ama. Tá fás agus forbairt ag teacht ar Futa Fata ó shin i leith agus tá clár oibre an chomhlachta ag leathnú amach ar feadh an ama. Ach beidh dhá phríomhshruth i gceist i gcónaí le hobair Futa Fata – siad sin ábhar do dhaoine fásta agus ábhar do pháistí a chur ar fáil agus na caighdeáin is airde léiriúcháin ar féidir a bhaint amach ar feadh an ama.

Tadhg Mac Dhonnagáin — Cé hé fhéin?dhg Mac Dhonnagáin

Is cumadóir amhrán, léiritheoir ceoil agus scríbhneoir é Tadhg Mac Dhonnagáin.
Sa Spidéal, i nGaeltacht Chonamara atá cónaí air.

Tá ceithre cinn de bhunalbaim nua-amhrán eisithe aige: Solas Gorm (Gael Linn 1988), Raifteirí san Underground (CIC 1993); dhá chnuasach do pháistí – Bliain na nAmhrán (Futa Fata 1997) agus Ceol na Mara (Futa Fata 2004). Eisíodh rogha amhrán leis faoin teideal Imíonn an tAm sa mbliain 2004.

Tá sé féin agus an cumadóir agus léiritheoir ceoil John Ryan ag obair as láimh a chéile le fada an lá. Tá dhá leabhar/dlúthdhiosca curtha i dtoll a chéile acu – an cnuasach de rannta traidisiúnta do pháistí Gugalaí Gug (Futa Fata 2005) agus duanaire do dhaoine fásta dar teideal “Aniar – Voices and Verse from the Edge of the World”(Futa Fata 2007).

Is fada Tadhg ag treabhadh i ngort na teilifíse. Le roinnt blianta anuas, bhí baint aige le dhá chlár ar bronnadh Gradaim IFTA orthu in Éirinn – an tsraith ealaíon “Cúrsaí Ealaíne” (RTÉ, 2000) agus an sraithdhráma grinn do dhaoine óga “Aifric” (TG4, 2007).

Insealbhaíodh é mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge i 2007. Is é an duine is óige riamh ar bronnadh an gradam sin air, ó bunaíodh an fhéile i 1897.

Foilseacháin Futa Fata —

 Do pháistí arrow

 

 

Gugalaí Gug - Rhymes and Songs in Irish for Children (and former children)
Gugalaí Gug
Ceol na Mara - More Fun Songs in Irish for Children (and former children)
Ceol na Mara
Bliain na nAmhrán
Bliain na nAmhrán
 
 Do dhaoine fásta arrow
Aniar
Aniar
Imíonn an t-Ám
Imíonn an tAm

 

An PríomhleathanachMain Page //\\ Eolas Futa FataAbout Futa Fata //\\ CatalógCatalogue
Láithreáin SpéisiúlaLinks //\\ CeannaighBuy CDs/Books //\\ TeagmháilContact //\\ NuachtNews

Léim go Barr //\\ Jump Back to the Top

Futa Fata, Idir Shean agus Nua — www.FutaFata.com—
Déan teagmháil le Futa Fata

© 2005

Cruthú agus Dearadh:
One Source Graphics
Cuir ceisteanna agus fiosruithe faoin láithreán seo chuig: Info@OneSourceGraphics.com