futa fata logo Nuacht Futa Fata                
  Leathanach: 3 • 21
 

••• click link for this page in English

Síníonn Futa Fata conradh leis an bhfoilsitheoir Catalonach Gemser — 15.09.08

image

Tá Futa Fata le sraith leabhar a fhoilsiú go luath i 2009 i gcomhar leis an bhfoilsitheoir Catalónach, Gemser. Ceithre leabhar atá i gceist agus iad ag díriú ar cheisteanna sóisialta éagsúla, ceisteanna a mbíonn ar pháistí déileáil leo ina saol. Pléanna “Gach Dath Faoin Spéir” leis an saol ilchultúrtha ína maireanna ár gcuid páistí; baineann “An bhFuil Rún Agat?” le rúin a choinneáil – an cineál atá go deas le coinneáil agus an cineál arbh fhearr iad a scaoileadh; cuidíonn “Is Cuimhin Liom Róló” le páistí déileáil le bás peata, agus leis an mbás go ginearálta agus pléann “Céard a Tharla idir Mamaí agus Daidí” leis na mothúcháin a bhaineann le tuismitheoirí a bheith ag scaradh.

Tá COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ag tacú le foilsiú na sraithe seo.

 

 
  Leathanach: 3 • 21
 

An Príomhleathanach //\\ Eolas Futa Fata //\\ Catalóg //\\ Láithreáin Spéisiúla //\\ Ceannaigh //\\ Teagmháil //\\ Nuacht //\\ English

Léim go Barr //\\

© 2007
Cruthú agus Dearadh: One Source Graphics
Cuir ceisteanna agus fiosruithe faoin láithreán seo chuig: Info@OneSourceGraphics.com