|
••• click link for this page in English
Futa Fata ag Aonach na Leabhar i mBologna, san Iodáil. 31.03 - 3.04.08
Beidh Futa Fata ag tabhairt aghaidh ar Bologna na hIodáile ag deireadh mhí na Márta le páirt a ghlacadh in Aonach Leabhar na bPáistí ansiúd. Is ann a thagann foilsitheoirí na cruinne a bhfuil spéis ar leith acu i bhfoilsitheoireacht don aos óg le castáil le chéile agus le socruithe a dhéanamh maidir le leabhair a chéile a fhoilsiú i dtíortha éagsúla.
Tuilleadh eolais/Further information: www.bookfair.bolognafiere.it
Tadhg Mac Dhonnagáin ar an mbóthar! Earrach 2008

Tá Tadhg Mac Dhonnagáin ag bualadh faoi shraith coirmeacha ceoil agus léamhanna, ag cur ábhair do dhaoine fásta agus do pháistí araon i láthair an phobail sa mí atá romhainn – Seo iad na dátaí:
14ú Feabhra: Acadamh na hOllscolaíochta, Gaillimh – An Cheathrú Rua
— ceolchoirm (am lóin)/lunchtime concert
21ú Feabhra: Ceolchoirm/léamh An Béal Binn, Club Seoltóireachta, Bré, Co. Chill Mhantáin
28ú Feabhra: Óstán na Páirce, An Spidéal – ag oscailt Éigse an Spidéil
1 Márta: Acadamh na hOllscolaíochta, Gaillimh – An Cheathrú Rua
— ceolchoirm mar chuid den fhéile chumadóireachta Fuint Focal
5 Márta: Ollscoil Mhá Nuat, Co. Chill Dara
— ag glacadh páirte in oíche chainte faoi Ghairmeacha Beatha i nGaeilge
9 Márta: St. Patrick’s Band Hall, Cathair na Gaillimhe
— ceolchoirm de chuid Adventures in Music – seó do pháistí/children’s show (2pm)
9 Márta: Cois na hAbhna, Inis, Co. an Chláir — ceolchoirm – bailchríoch d’Fhéile na hInse (8pm)
10 Márta: Hughes and Hughes, Ionad Siopadóireachta na Gaillimhe
— mar chuid d’fheachtas náisiúnta Leabhar Power – seó do pháistí/children' show
11 Márta: Scoil Sailearna, Indereabhán, Conamara
— ceolchoirm de chuid fhéile ealaíon na scoile, Ealaín Bheo – seó do pháistí/children's show
12 Márta – Gaelscoil Mhic Amhlaigh, Cnoc na Cathrach, Gaillimh (seó do pháistí)
Maoiniú faighte le sraith agallamh beirte do ghasúir a chumadh - 14.01.2008
Tá maoiniú faighte ag Tadhg Mac Dhonnagáin ón gComhairle Ealaíon le tabhairt faoi shraith agallamh beirte do ghasúir a chumadh. Is faoin scéim “Deis” a bronnadh an sparánacht. Ciste atá in “Deis” a dhéanann tacú ar na healaíona traidisiúnta in Éirinn agus áirítear an t-agallamh beirte ar cheann de na gnéithe tábhachtacha den traidisiún sin ar mhaith leis an gComhairle Ealaíon forbairt a dhéanamh air. Tá súil ag Futa Fata an cnuasach a fhoilsiú i gcaitheamh na bliana 2009 i bhfoirm leabhair agus dlúthdhiosca.
Baineann Aifric IFTA
Don darna bliain as a chéile, bronnadh Gradam IFTA don chlár is fearr in Éirinn do dhaoine óga ar Aifric, an sraithdhráma Gaeilge grinn. Ghlac Clíona Ní Chiosáin, a dhéanann páirt Aifric leis an ngradam ag ócáid in Amharclann an Gaeilty i mBaile Átha Cliath. Triúr a chum an tsraith – Paul Mercier (a bhí mar stiúrthóir chomh maith air), Michéal Ó Domhnaill, a bhí mar léiritheoir air agus Tadhg Mac Dhonnagáin, príomhscríbhneoir na sraithe.Beidh Futa Fata ag foilsiú leabhair bunaithe ar an tsraith níos deireannaí sa mbliain.
Tuilleadh eolais/Further info: www.aifric.tv www.tg4.ie www.telegael.com
Scoil Gheimhridh Merriman, Cathair na Mart - 1 - 3ú Feabhra 2008
I gCathair na Mart a bheas Scoil Gheimhridh Merriman ar siúl, an 40ú scoil dá cineál, ó cuireadh tús leis an tionól seo i ndeireadh na 1960aidí. Caighdeán na Gaeilge an téama atá i mbliana ann agus tá cuireadh speisialta faighte ag Tadhg Mac Dhonnagáin a theacht i láthair agus a shaothar ceoil a chur i láthair ag an ócáid.
Tuilleadh eolais: www.merriman.ie
Conradh sínithe le Kidwick Books, LA - Futa Fata to publish Irish-language versions of two award-winning audio books - 30.11.2007
Tá Futa Fata tar éis conradh a shíniú leis an bhfoilsitheoir Meiriceánach Kidwick Books i Los Angeles chun dhá theideal dá gcuid a aistriú go Gaeilge. Beidh dlúthdhiosca ag gabháil leis an dá leabhar agus aisteoirí óga ó Chonamara le cloisteáil i measc na nglórtha a inseoidh na scéalta. Scéal é “Frog sa Spéir” faoi fhroigín óg darbh ainm dó Frainc nach sásóidh tada é ach bheith in ann eitilt. Cuireann “Eileanór an Eilifint” síos ar eilifint óg nach bhfuil in ann ceol ar bith a bhaint as a trúnc, go dtí go gcastar easóg uirthi a chuireann ar bhóthar a leasa í. Tá súil againn an dá leabhar a bheith ar fáil in Earrach 2008.
Ceolchoirm in Ollscoil Luimní — 15.11.2007
Mar chuid den chúrsa “Gaeilge do Thuismitheoirí” atá á reachtáil ag Ollscoil Luimní, beidh Tadhg Mac Dhonnagáin ag casadh meascán dá shaothar do pháistí chomh maith le hábhar ón leabhar agus dlúthdhiosca “Aniar”.
Tuilleadh eolais: Karen Ní Chlochasaigh, Ollscoil Luimní - karen.nichlochasaigh@ul.ie - 061-213463
Maoiniú faighte le haghaidh Gugalaí Gug 2 — 26.09.2007
Tá áthas ar Futa Fata a fhógairt go bhfuil maoiniú faighte againn ó Ealaín na Gaeltachta le tabhairt faoi thaifeadadh a dhéanamh ar dhlúthdhiosca amhrán ón traidisiún béil, cnuasach a bheas dírithe ar pháistí. “Peigín Leitir Móir” atá mar theideal oibre ar an togra agus beidh trí ghlúin d’fhonnadóirí Chonamaracha páirteach ann. Tá sé i gceist comhoibriú a dhéanamh le dhá bhunscoil sa gceantar agus muid ag obair ar an togra – Scoil na Tulaí i gCOis Fharraige agus Scoil Thír an Fhia, i gceantar na nOileán. Tá súil againn tacaíocht a fháil ó Bhord na Leabhar Gaeilge an chéad bhliain eile le leabhar lándaite a fhoilsiú leis an leabhar. Beidh an pacáiste seo ar an darna teideal dá chineál atá foilsithe ag Futa Fata – tá an-rath ar an gcnuasach rannta Gugalaí Gug, a foilsíodh i bhFomhar na bliana 2005.
Ceolchoirm sa gCeathrú Rua — 14.08.2007
Beidh deis ag cuairteoirí chun na Ceathrúin Rua cuid den ábhar béaloideasa atá curtha i dtoll a chéile ag Tadhg Mac Dhonnagáin a bhlaiseadh nuair a chuirfeas sé seó bunaithe ar an leabhar agus dlúthdhiosca nua "Aniar" i láthair in Áras Uí Chadhain, An Cheathrú Rua.
Tuilleadh eolais: Áras Uí Chadhain – 091-595101 nó caitriona.uichualain@oegaillimh.ie
Ceolchoirm in Oideas Gael - Gig in Gleann Cholm Cille, Co. Donegal - 17.07.2007
Mar chuid d’imeachtaí Sheachtain Chultúir Ghleann Cholmcille, beidh Tadhg Mac Dhonnagáin le cloisteáil ag cur meascán bríomhair dá chuid amhrán féin i láthair, chomh maith le hábhar ón leabhar agus dlúthdhiosca is deireannaí uaidh, Aniar. I gcuideachta Thaidhg ar an oíche beidh a chuid páistí – Tadhg Óg (8) agus Róise (6), beirt a thabharfas cúnamh dó cuid den ábhar óna chuid albam do pháistí a chur i láthair
Tuilleadh eolais: Oideas Gael, Gleann Cholmcille, Co. Dhún na nGall.
074-9730428 nó eolas@oideas-gael.com
“Aniar” á sheoladh in Indreabhán — Conamara - 14.07.2007
Beidh an leabhar agus dlúthdhiosca nua “Aniar – Véarsaíocht ón Traidisiún Gaelach” á sheoladh le ceolchoirm i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Conamara. Ag cur an ábhair i láthair ar an oíche beidh na haisteoirí Peadar Ó Treasaigh agus Áine Ní Dhroighneáin ar an stáitse, in éineacht leis an scríbhneoir, Tadhg Mac Dhonnagáin.
Aniar – Seoladh – Seanscoil Sailearna, Indreabhán, 8.30i.n. Tuilleadh eolais – 091-504612 nó eolas@futafata.com
Ollscoil Harvard le liricí amhrán le Tadhg Mac Dhonnagáin a fhoilsiú — 30.06.2007
Tá sé deimhnithe ag Roinn na dTeangacha agus na Litríochtaí Ceilteacha in Ollscoil Harvard, Meiriceá go bhfuil sé i gceist acu dhá amhrán le Tadhg Mac Dhonnagáin a chur i gcló sa bhfoilseachán nua uathu “Buntús na Gaeilge an Fómhar seo.
Ceolchoirm i gClub an Bhéil Bhinn — 28.06.2007
Beidh Tadhg Mac Dhonnagáin agus a chomhluadar ag tabhairt cuairte ar chlub ceoil Bhré, "An Béal Binn" Déardaoin. Beidh Tadhg ag cur ábhair ón leabhar agus dlúthdhiosca nua "Aniar - Voices and Verse from the Edge of the World" os comhair an phobail den chéad uair. Seolfar "Aniar" go hoifigiúil i mí Iúil.
Info: 085 7823411, or anbealbinn@gmail.com
|