Gugalaí Gug

An Príomhleathanach //\\ Eolas Futa Fata //\\ Catalóg //\\ Láithreáin Spéisiúla //\\ Ceannaigh //\\ Teagmháil //\\ Nuacht //\\ English

Seannrannta na Gaeilge ar a seanléim arís!

Cearc nach bhfuil in ann socrú cá ndéanfaidh sí a nead. Froganna beaga glasa atá ag foghlaim cén chaoi le snámh. Fear aisteach darbh ainm dó Máirtín, ar maith leis bheith amuigh san oíche dhubh, is an bháisteach ag titim anuas go tiubh. Tá Gugalaí Gug lán de charachtar agus de radharcanna a bhéarfas greim ar do shamhlaíocht.

Cnuasach atá ann de rannta traidisiúnta ó Ghaeltacht Chonamara, atá foilsithe i bhfoirm leabhair lándaite agus dlúthdhiosca a bhfuil léiriúchán maisiúil déanta air. Tá deich bpíosa ar fhichead ar fad san áireamh ann, idir rannta, amhrán nó dhó agus dreas portaireacht béil.

Gugalaí Gug

Brúigh ar na iomhanna seo thíos
go bhfeicfidh tú samplaí
de na pictúir agus liricí

trintainéist le samplaí


An Ghaoth •

1mb mp3

An Ghaoth


Siúd í Siar mo
Churaichín

848k mp3


Siúd is siar


An Sneachta
ag Titim •
976k mp3

An Sneachta ag Titim

Gugalaí Gug
Rannta Traidisiúnta Gaeilge
Futa Fata FFCD004

Athchruthaithe don 21ú Aois ag Tadhg Mac Dhonnagáin agus John Ryan
30 traditional rhymes in Irish for children (and former children), with full color book and music CD
featuring three generations of Ireland's finest rhymers and musicians!

Coimisiún a bhí ann ó Ealaín na Gaeltachta, an comhlacht páirtnéireachta atá á reachtáil ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar leis An Chomhairle Ealaíon. Bunaíodh an comhlacht leis na healaíona a chur chun cinn sa nGaeltacht.

Chuir Ealaín na Gaeltachta maoiniú airgid ar fáil le taighde a dhéanamh ar na rannta, le ceol nuachumtha a chumadh le cur leo, le cóiriú agus taifeadadh a dhéanamh ar na rannta agus leis an dlúthdhiosca a tháirgeadh. Thacaigh Bord na Leabhar Gaeilge le foilsiú an leabhair. An stiúideo beochana agus maisithe Cartoon Saloon, atá lonnaithe i gCathair Chill Chainnigh a rinne maisiú ar an leabha.

Tá saothar seisear ealaíontóir ar fad le feiceáil ann, ó thús deiridh. Cainteoirí dúchais Gaeilge ó cheantar Chonamara atá le cloisteáil ar an taifeadadh, iad ag rannaireacht, ag gabháil fhoinn agus ar thraic amháin, ag portaireacht. Ina measc tá an t-aisteoir aitheanta Tom Sailí Ó Flaithearta, fear a bhfuil aithne mhór in Éirinn air i bpáirt Chóilín sa sobaldráma Ros na Rún ar TG4. Glór eile a chloistear ann ná Caitlín Ní Chualáin, amhránaí agus craoltóir le Raidió na Gaeltachta. Craoltóir eile de chuid an stáisiúin sin, Meaití Jó Shéamais, a chloistear ag portaireacht agus ag píobaireacht ann.

Agus ar ndóigh tá na gasúir féin ann ˆ beagnach dhá scór acu san iomlán, ó dhá bhunscoil i gConamara ˆ Scoil an Chnoic, scoilín bheag bhídeach i gCeantar na nOileán (naonúr atá ar na rollaí i gcomhair scoilbhliain 2005–06!) agus Scoil Sailearna in Indreabhán, an bhunscoil is mó i nGaeltacht Chonamara.

Is é Tadhg Mac Dhonnagáin a chuir an togra Gugalaí Gug i dtoll a chéile. Is é a stíuraigh na rannairí sa stiúideo agus is é a scríobh an leabhar agus a rinne coimisiúnú ar an obair ealaíne. John Ryan a bhí mar léiritheoir, innealtóir, cóiritheoir agus cumadóir ar an taifeadad.

Seo an tríú togra do pháistí atá curtha i gcrích as láimh a chéile ag Tadhg agus John.


An Príomhleathanach
//\\ Eolas Futa Fata //\\ Catalóg //\\ Láithreáin Spéisiúla //\\ Ceannaigh //\\ Teagmháil //\\ Nuacht //\\ English

Léim go Barr //\\ Jump Back to the Top

 

© 2005

Cruthú agus Dearadh: One Source Graphics
Cuir ceisteanna agus fiosruithe faoin láithreán seo chuig: Info@OneSourceGraphics.com