|
Tá níos mó cainte anois ná riamh ar thábhacht na timpeallachta. Tá spéis ar leith ag páistí i saol an nádúir. Aithníonn siad an draíocht agus an t-iontas a bhaineann leis.
Déanann Bliain na nAmhrán ceiliúradh ar na hiontaisí seo atá le feiceáil againn ar fad, ó cheann ceann na bliana. Uainíní ag damhsa san Earrach, fáinleoga ag filleadh ó na tíortha teo i dtús an tSamhraidh, páistí ag bailiú sméara dubha san Fhómhar agus sioc agus sneachta an Gheimhridh— tá amhrán anseo a chuireann síos ar na rudaí seo ar fad.
|

Bliain na nAmhrán
Futa Fata Féasóg, Futa Fata FFCD001, FFC001
|
Faigh clár na namhrán & liricí anseo agus éist le samplaí
Sé cinn déag d’amhráin atá le cloisteáil ar Bliain na nAmhrán. Tá liricí iomlán na n-amhrán ar fáil sa leabhrán lándáite a thagann leis an dlúthdhiosca is an caiséad.
Bainfidh idir óg agus aosta taitneamh chomh maith as an amhrán country & western faoi phéire préachán a thiteann i ngrá i dtús an Earraigh, an ceann faoin mbéar bán brónach nach féidir leis a chóta a bhaint de, lá meirbh sa zú, an múinteoir bocht atá ag caoineadh mar níl sé ag iarraidh dul ar scoil, teacht an Fhómhair, agus an t-iora rua beag atá ag iarraidh imeacht ag eitilt le Daidí na Nollag.
Tadhg Mac Dhonnagáin
| Comhfhiontar a bhí in Bliain na nAmhrán /The Year of Song de chuid Futa Fata agus Comhluadar, eagraíocht na dteaghlach dátheangach. Fuair an togra cúnamh airgid ó Choimisiún na hEorpa |
|
Ón gcéad uair a eisíodh é i 1997, tá na mílte daoine, idir óg agus aosta, curtha faoi dhraíocht ag an gcnuasach amhrán seo. Is é a bhí mar bhunús ar Katie agus Rookie, shraith idirnáisiúnta teilifíse do pháistí réamhscoile a bheas á léiriú i gcomhar ag an gcomhlacht Conamarach Telegael, agus a gcomhbhádóirí i Los Angeles, Porchlight Entertainment.
|
|